School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)

Location:
Kells, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Fiannachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cealla (Kells)
  2. XML Page 162
  3. XML “Sean-Nósanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá alán nósa ag na sean daoine mar gheall ar an t-uisce in a níghidís a gcosa. Deirtear ba cheart an t-uisge sin a ghortadh mór tímceall an t-úrláir agus annsan ní thiochfadh na púcaí go dtí an tigh in aon chor.
    Oidhche amháin bhí bean agus níor ghort sí an t-uisge ar an t-úrlár agus nuair a cuaidh sí a codhladh tháinig na púcaí isteach. Ní raibh aon uisge aca cun té a dhéanamh agus cuireadar an bean as an leabaidh go dtí an tobar cun uisge d'fághail.
    D'éírig sí is do cuaidh sí go dtí an tobar agus bhí sí ag gol mar bhí eagla uirthi rómpa. Nuair a bhí sí ag líonadh an mbucaod tháinig fear cúici agus dubhairt sé "nuair a raghair go dtí an doras abair "Tá slíabh-na-mban mbeann go léir fé ár lasaireach.
    Nuair do cuaidh sí abhaile dubhairt sí é sin agus do thosnuig na púcaí ag rith amac agus íad ag screadaig "Mo bhean is mo clann, mo bhean is mo clann."
    Nuair a bhíodar amuigh do cuir an bhean an glas ar an doras agus annsan do ghort sé t-uisge a níghe a cosa mór thímceall an t-úrláir agus thángadar go dí an doras arís agus níór fhéadadar teacht isteach agus níor dhein an bhean dearmhad ar an t-uisge aon uair eile ná ar an glas a cuir ar an doras.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Muircheartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kells, Co. Kerry
    Informant
    Bríd Bean Uí Muircheartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kells, Co. Kerry