School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 820

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 820

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 820
  3. XML “Comharthaí Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    8) Dá bhfeicteá barr taoide rabharta ana árd sin cómharta go bhfuil droch-aimsir buailte leat.
    9) Tá tráigh in Ínse in aice le Abha na Scáil go glaodhann siad tonn tuaime air. (Tá an áit timcheall 15 míle ó Clochán) agus nuair a cloistear na tonntaca go soiléir i gClochán deineann siad amac go bhfuil aimsear maith in aice leat.
    10) Cómhartha eile aimsire breágha dá gcloisfeá an Abha Mhór déanamh glóir áird.
    11) Le linn aimsire breágha dá bhfeictheá na cnuic i Ceann Leíme ana cómhgarac bí siurálta go mbeadh seóinseáíl aimsire buailte leat.
    12) Dá bhfeictheá cúmharán thíos ag Ceann Breandáín is dá dtuitfeadh sé anuas trídh an bágh sin cómhartha go bhfuil droch aimsear in aice leat.
    13) Dá bfeictheá na fiac mara ag fágaint tráigh na Ceapaí (Clochán) ag eitilt treasna na talmhan go dtí Sás ( 3 míle taobh thiar de Ceann Bhreandáín ) sin cómhartha aimsire maithe.
    14) Dá bhfeictheá na gainéid i dtráígh Clocháin agus iad (diving) "a bualadh" sin cómhartha droch-aimsire.
    15) Nuair a cloistear an curlúin ag scréacadh san bhFóghmhair intíre is ag eitilt in sgata sin cómhartha báistighe.
    16) Dá bhfeictheá an fiac mara i dtráíg Clocháin is a sgiathán ar leathad sin cómhartha báistighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Cúrnáin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Bhríc
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    An Clochán, Co. Kerry