Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)

Suíomh:
Baile an Locháin, Co. Luimnigh
Múinteoirí:
S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Scéal ar Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon oidhche amháin bhí fear ag teacht abhaile ó Árdacha go dtí an Sean Mhuileann. Ní raibh aoinne amuigh an oidhche úd ach é féin, mar bhí sé pas beag déideanach. Nuair a bhí sé ag teacht inaiche le Dún Gan Béal, áit ina bhfuil lios, do thosnaigh leathróid ag rith síos an bhóthair. Do rith an liathróid inaice an fhir go dtí gur tháinigh sé go dtí an droicead.
    D'imigh an liathróid annsan ach do chonnaic an fear go raibh solais ins an lios. Ar an adhbhar sin rith sé abhaile is é ar crith le h-eagla agus ag chur alluis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Néill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Oldmill, Co. Luimnigh