Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)
- Suíomh:
- Baile an Locháin, Co. Luimnigh
- Múinteoirí: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó, Fadó is mó scoil scairte a bhí in Éireann agus dubhairt m'athair liom go raibh scoil scairte i mbaile 'nÁtha ibhfeirm muinntir Barróid agus ibparóiste Árdachadh. Bhí an obair ar suibhal istigh idtigh Bhean Uí Shithigh.
Mhúin an maigistear leíghseoireacht agus scríobhnóireacht insan scoil.Bhí leabhair béarla ag na scoláirí, agus bhíodar ag sgríobhadh ar slinnibh le cailc. Sé béarla an teanga a bhí á labhairt sa scoil.
Thugadar "Maigistear taistil" ar an maigistear. Sé an ainm a bhí air ná Séan O'Bhriain, agus níl fhios agam carbh as dó. Ní raibh sé ag gabhailt timcheall, d'fhan sé 'san áit cheadhna igcomhnuidhe. Thug na scolairí cúpla pinginn dó indheireadh na seachtmaine, agus is sa Ió a bhíodh an scoil ar suibhal.- Bailitheoir
- Máire Ní h-Éalaidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Eidhnigh, Co. Luimnigh