Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)
- Suíomh:
- Baile an Locháin, Co. Luimnigh
- Múinteoirí: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'innis mo mháthair scéal dom mar gheall ar lios. Tá an lios sin suidhte i mbaile na béarna, i bparóiste Árdacha, i bhfeirm mhuinntir Uíh-Artnéada agus seo é an sceul. Aon lá amháin bhí fear ag baint féir' sa pháirc an leasa. Nuair a tháinig an trathnóna bhí an fear bocht an-thuirseach. Shuidh sé síos ar an bpáirc agus thuit codhladh air agus do bhí sé ina chodhladh go dtí a dó déag a clog an oidhche sin.
Nuair a dhúisig sé, tháinig fear mór amach as an lios agus thóg sé an speal isteach leis arís. D'éirig an fear go tapaidh, bhí eagla air agus rith sé abhaile. Níor chuaidh sé treasna an leasa sin arís. Níl fhios agam cad é an ainm abhí ar an bfhear sin. Tá an lios sin ann fós agus tá eolas maith agam air.- Bailitheoir
- Cáit De Barra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún gConmhaoile Uachtarach, Co. Luimnigh