Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)

Suíomh:
Baile an Locháin, Co. Luimnigh
Múinteoirí:
S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 239

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
  2. XML Leathanach 239
  3. XML “Scéal ar Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sprid in mBéarna timpeall le céad blian ó shoin. Bean ana crosta do beadh í nuair a bhí sí in-a beatha agus do bhí sí ag déanamh pionóis ann. Ach chuir an sagairt amach as an áit í agus deirtear go bhfuil sí ag tógaint an uisce as an bhfarraige le meireacán gan tón. Do bíodh sí ag déanamh díoghbhalá agus ag cur daoine cun bháis.
    Aon oidhche amháin bhí daoine ag cainnt mar gheall uirthí agus dubhairt fear go raghadh sé amach cun casadh léithí agus go dtógfadh sé snáth mar deirrear na tiochfaidh sí ach ingiorracht aírighthe do cruadh.
    Dhein sé amhlaigh is nuair a chonnaic sé an sprid ní raibh eagla air. Glach sí fuirm bhairille uirthí féin agus cuir sí an fear isteach san abhainn a bhí in-aiche leí agus do badadh é. Niorbh fhéidhir leis an bhfear an snáth do cur in-aice leí mar thosnaigh sí ag unfhairr. Níorbh féidir leí dul treasna sruthán.
    Bhíodh sí ag dul anall is anonn idir dhá shruthán. Bhí ceann acu 'san mbéarna agus bhí an ceann eile timpheall míle go leith ó Caisleán nuadh Thiar ar an mbóthar go Béarna. Sé an ainm agus sloinneadh a bhí uirthí na Máire Ní Sheachnasaigh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó h-Ifearnáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    34
    Seoladh
    Oldmill, Co. Luimnigh