Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)
- Suíomh:
- Baile an Locháin, Co. Luimnigh
- Múinteoirí: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí scoil scairte i gClais fadó. Bhí i bfeirm mhuintir Uí Síthig, agus I bparóiste Átha an t-Sléibhe. Bhí an scoil ar suibhal amuigh fén aer, agus bhí na scoilairí ina suidhe ar clocha móra cois claidhe. Bhíodh aon gharsún amháin ag fhéachaint ina thimcheall ar eagla go dthiochfad na Sasanaigh.
Dheineadar na peanna abhí acú as cleithí, agus dheineadar an páipéar as seithe na n-ainmidhthe, par a tugtaí air. Múintí, áireamh,agus léightheoireacht insan scoil seo, gaedilg is mó a mhúintí ann. Ní raibh acu acht cúpla leabhar ar fad mar bhí siad ró dhaor, agus rud eile ní raibh siad flúirseach. Bhí éadaig strachtha ar an máigistir agus thuightí an scólaire bocht air. Cathair na grúaighe ab'ainm dó, agus rugadh i gCo. an Cláir é. An fhaid is a bhí sé insan áit chuir sé fé í tighte na ndaoine. Ní fhanadh sé in aon áit acht thimcheall le mí, no mar sin, agus théigheadh sé go dtí áit eile annsan.
Ní hé an mháighistir céadhna a bhíodh i mbun na scoile ann gach mí. Téigh gach scoláire a bhíodh ag freastail ar an scoil scairte seo pinginn don maighistir gach maidin de Luain. Bhí an scoil ar suibhal sa ló.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muirceartach Ó hÉachthígheirn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rúscach Thiar, Co. Luimnigh