Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)
- Suíomh:
- Baile an Locháin, Co. Luimnigh
- Múinteoirí: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sprid i mBéarna fadó agus bí sí ana chrosta. Chuir sí eagla ar na daoine go léir do bhí ina gconnuidhe san áit sin. Tharla go raibh fear ag dul ó Mainistear na Féile go dtí Caisleán Nuadh Thiar oidhche. Do stad sé í seíbín dTeampall Gleanntáin. Bhí sé déidearnach san oidhche annsan nuair do bhí sé ag déanamh ar Caisleán Nuadh. Nuair do bhí sé ag dul thar an áit ar a tugtar Gleann Mór do bhuail sprid na Béarna leis.
D'éirigheadar cun a céile. Thosnuigeadhar ag buaileadh a céile. Bhíodar a deánamh sin go dtí gur glaodhaidh an coileach. Annsan d'imigh an sprid agus nuair do bhí sí ag imeacht do gearr an fear píosa an gúna an sprid le speil a bhí aige. Ní raibh sé ar a Chumas faobhar do chur an an speil céadna aon uair eile ina dhiadh sin. Sé an ainm do bhí air ná Micilín an Bhuanaidhe. D'innis m'athair an sgéal seo dom.- Bailitheoir
- Máire Nic Aoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rúscach Thiar, Co. Luimnigh