Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)

Suíomh:
Baile an Locháin, Co. Luimnigh
Múinteoirí:
S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 353

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 353

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar
  2. XML Leathanach 353
  3. XML “An Gorta”
  4. XML “An Gorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair tháinig an gorta fuair na daoine bás ar thaoibh an bhóthair. Is amhlaidh a theip ar na prátaí. Nuair bhí na daoine ag fágailt báis fuair siad galar tógalach. Chuala mé go raibh fear ag dul ó a thig féin go dtí an óspuidéal agus luighe sé síos idir dá chlaide, agus fuair sé bás.
    Sé thig Mhadágáin 'na bhíodh an t-óspuidéal an uair úd, agus roimhe sin bhí Árrus na bPóilíní san dtigh céadna, nuair fuair na daoine bás tógadh go dtí lísín atá ag Muinntir Úí Duilleáin, agus do dheintí poll ann agus cuirtí na daoine marbh isteach ann, cuirtí aol isteach leó.
    Bhí níos mó daoine san áit seo fadó ná mar atá anois; tá sean-fothraig le feiscint anois mar d'imthigh na daoine as na tigthe go dtí a Meiriocá. Sé an biadh abí acú an uair úd ná turnipí agus an féar glas féin. Níor chuir an Riagaltas aon cabhair dóibh.
    Máire Nich Aoid, An Riasch,
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Aoidh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rúscach Thiar, Co. Luimnigh