Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Toibreacha Beannaithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 242

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá tobar i gCilléinde darbh ainm tobar Chuilm Chille, agus tá tobar éinde ann freisin. Bíonn na daoine ag dul ag rádh páidreacha agus ag tiubhart turais ortha uair gach bliadhain. Ar an naomhadh lá de Mheitheamh a téigheann na daoine go dtí na toibhreacha seo. Téightear trí uaire timcheall an tobar agus deirtear páidreacha agus caaithtear cloch beag isteach ann gach uair. Tá tobar Chiaráin i Mainistir. Tá teampall Chiaráin tamall bheag ó'n tobar agus sin é an fáth a dtugtar an tainm sin air. Tá tobar Ceathrar Áluinn i gCobhruach. Ta ceathrar naoimh curtha ann. Tá Tobar Mac Duach agus Tobar Bholláinín lamhair i gCillmhuirbhigh. Ba é Mac Duach a rinne an teampall atá lena thaobh. Ta teampall bhrioscáin in Conacht. céibí lá is maith leo teacht ann; ach is faoi fhé'le. sin Seain is minice a théigheann siad ann. Tugann siad cuid den uisce abhaile leo chun é ól le leigheas ar bith. Fágann siad airgead is cnaipí is Medals is chuile shórt ann, le taobh an tobair.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mícheál Ó hIarnáin
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Tomás Uá Conghaile
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge