Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)imteacht as baile leobhtha, ar seisean. ‘Nois bhí’n da fhear tuairim ar aon mhéid agus do’n deánamh ceudhna agus bhí culaith bréagh ar fhear an bhaile-mhóir agus ní dheárn sé aon dath amhain acht malairt éadaigh a thabhairt do agus chuir sé fein air an sean chulaith lé fear Mhullaigh na nDamh san ait a rabh siad. “Ar ndoiche níl leith-sgéul ar bíth agat” ar seisean gan ghabhail anois”. “Can bhfuil maise”, arsan fear eile, agus tá sé comh maith agam bogadh liom anois agus gan stad ar bíth a dheánamh.
D’imtigh sé leis béul a chinn ag tárrangt ar a dheárbhrathair ar an lágan agus ní dheárn sé oiread agus ghabhail suas abhaile ag innse ca rabh sé ag gabhail lé h-eughla moill ar bíth a chuir ar fhein.
Thoisigh an fear a dfág sé i na dhiaidh ag baint na bhfiog agus nuair a bhí ualach sa chrosóig aige dar leis go dtabhairfeadh sé suas fhad leis an teach é. Cuir sé suas ar an chlaidhe é lé n-árdughadh ar fein é, acht ca bíth útamail a bhí air thug an t-ualach síor ar a dhruim é isteach san abhain i gcúl an chlaidhe agus báidheadh é.
Nuair nar phill a fear abhaile an oidhche sin chuir bean a tíghe sgéul go dtí na cómharsanaigh agus thoisigh an cuartughadh agus fuarthas báidhte san abhainn é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cait Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Dimnic Mac Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall