Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 103
- XML “Scéal - Ó Brían”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Sagart Óg ar a bheálach abhaile ó’n Cholaiste indiadh Órd Beánnuighe a fhághail. Ar a bheálach caidé cásadh air acht cailín óg agus bhí sí ag briseadh a croidhe ag caoineadh. Dfiafraigh sé dí caidé ádhbhar a caointe na bhí an t-án truaighe aige dí. “Ó! arsa sise, leitir deas a bhí agam a chaill mé?” “Nach furust leitir a fhághail”, arsan Sagart. “O! ní furust leitir sgríobhtha i bhfuil a fhághail” ar sise. “Gheobhaidh tú leitir na sgríobhfaidh mise ceann duit in mó chuid fola fein”. Leis sin chrom sé síos, bhain dé a bhróig, sgríobh a ladhar mór gur chuir sí fuil agus sgríobh leitir de’n cailín in a chuid fola fein. Shin sé dí an leitir agus d’imtigh sí as amharc.
Comh luath géur is d’imtigh sí thainig aithreachas arsan cionn is a léithid a dheánamh na d’áithin sé anois nar chailín do chuid a t-saoghail a bhí inntí, agus smaoitigh sé gur b’ámaideach an rud a rinne sé dí. Chuaidh sé giota eile ag tárrangt ar an bhaile agus chuaidh sé isteach i dteach ar thaobh an bhealaigh. Caidé bhí sa teach seo acht “Stations” agus bhí dha Sagart dé chuid an Phároiste ann ag éisteacht. Nuair a bhí siad réidh agus d’imtigh na daoine uilig d’innis an Sagart Óg mar d’éirigh dó ar a bheálach agus mar sgríobh sé an leitir dó’n cailín in a chuid fola fein. Nuair a chualaidh na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac a' Bhaird
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall