Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh fear 'na tráighe lá amhain fad ó ag deánamh cnuasaigh. Ag tárrangt síos 'na chladaigh tcídh sé an cailín ba dóigheamhla da bhfácaidh sé ariamh na suidhe ar charraic cois fairrge ag cíoradh a gruaige. Thuit sé i ngrádh leithí ar an bhomaite agus shanntuigh sé í do fhein.
Caidé bhí acht a cloca na luighe ag na taobh ar charraic eile agus siud suas é go fáithlighe agus ghoid an cloca. Bhí fhios nach dtiocfadh leithí gabhal arais na fairrge gan a cloca nach mbéadh failte ar bith roimpí.
Comh luath is crothnuigh sí an cloca leán sí é acht rith seisean an méid a bhí ina a chorp abhaile agus bhí an cloca i bhfolach aige sul ar shroic sise an teach.
'Nois nuair a fuair sé í sa bhaile thoisigh sé ag bhlanndar leithí agus ba é an deireadh a bhí ar an sgéul gur pósadh iad agus d'fan sí aige. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtí go rabh ceáthar ná cúigear do mhuirín acú. Rith an áma seo bhí an cloca i bhfolach aige oirthí na bhí fhios aige da bhfuigheadh sí an cloca go nimteochadh sí na fairrge arais agus go rabh sí caillte go deo aige fein agus ag na paisdibh.
Lá amhain goidé tharla acht bhí sé ag deánamh cruach-coirce agus dar leis gur seo ait bhréagh leis an chloca a cuir i bhfolach ann, istigh i lár na cruaiche. Níor smaoitigh sé ar na paisdibh a bhí ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Uí Ceinnide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Dimnic Mac Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall