School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 63

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 63

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 63
  3. XML “Scéal - An Rón”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh fir amách i mbád uair amháin go dtí uaighe ag márbuigheadh rón. Ba ait mór de na rónaibh a bheith na luighe san uaigh seo. Bhí bátaí móra lé cuid acú acht bhí fear amhain a rabh gabhal leis.
    Nuair a bhí siad támallt ag obair bhí rón mór amhain ag imteacht orthú agus shaith an fear seo an gabhal ann acht d'imtigh an rón air agus bhris cos an ghabhla inda cuid. Acht ma d'imtigh fein bhí an gabhal i bhfastodh ann.
    Thainig an fear abhaile indiaidh lá mór sport a chuir isteach indiadh na rón.
    Támall fada na dhiaidh seo d'imtigh sé go h-Álban agus ina siubhal chuaidh sé isteach i dteach ag iarraidh lóistín. Fuair sé sin.
    Bhí seanduine sa teach agus chaith an bheirt acú an oidhche ag seánachus cois teineadh. Bhí seisean ag innse dó fa'n cineal áma a bhí aige sa bhaile i nÉirinn ag iasgaireacht agus an spórt a bhí acú lá indiaidh na rón agus mar d'fág sé fein a gabhal sáithte igcionn acú. D'fiafraigh an tseanduine an aithneochadh sé a gabhal agus dúbhairt sé go ndeánfadh. D'éirigh an tseanduine agus leag sé anuas an gabhal briste a bhí shuas ins na taobhain. "B'sin é an cionn ceadna" arsan tÉireannach. "Is beag a shaoil tú nuair a sháith tú sa rón é gur ionnamsa a sháith tú é" arsan tseanduine.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Pádruig Mac a' t Saoir
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall