Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 34

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 34

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 34
  3. XML “Scéal - Mícheál Ua Cárradan”
  4. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh fear bocht ag gabhal tharta annseo tuairim trí sgór bliadhain ó shoin darbh ainm Mícheal Ua Cárradan. Chuaidh sé isteach i dteach ghállda síos i Roisín na gCeall (Na Cealla Beaga) lá amháin. Bhí déideadh ar bhean an tighe agus d'iarr sí ar Mhícheal paidir a radh dí a léigheasadh í.
    "Déirfidh cinnte," arsa Mícheal agus thosaigh sé.
    "A sheanbhean Phresbyterian,
    Nar ghéill ariamh do Mhuire,
    Go dteánnuighidh ort an déideadh.
    Go dtéidh tú ar mire."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 32. Is ionann mac is a bhéith gan aon mhac, is fearr sa mhac na bhéith gan mhac, acht an t-é a mbíonn aige a sé na 'an seacht ní dheántar a chreach uilig i n-aoinfeacht.
    33. Ní fhághann dorn druidte acht lámh fóllamh.
    34. Cástar na daoine ar a chéile acht ní chastar na cnuic na na gleanntaí.
    35. Is fearrde dé na bróintibh a mbreacadh.
    36. Gheibh na ba bás fhad is bhíonnas an féar ag fás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    2. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge