Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá seal bliadhain ó shoin bhí dha dheárbhrathair na gcómhnuidhe i Mullaigh na nDamh i mbárr Gleann a’ Bhaile Dhuibh. Ní rabh acú acht iad fein agus bhí siad ag tárrangt lé chéile go maith ar gabhaltas beag ag strácal leis an t-saoghail.
Acht oidhche amhain sul a dteáchaidh siad i luighe bhí’n bheirt acú na suidhe cos teineadh agus ní rabh fonn ar bíth cainnte ar an fear a b’óige acht é ag stánadh isteach sa teine agus é ag smaoitiughadh go doimhin. Sa deireadh ar seisean “Sé r’d a bhí mé ag smaoitiughadh annsin go bhfuil an gabhaltas seo gánn go leór ag duine amhain againn can amhain beirt agus mar is mise is óige, tá mé ag imteacht i mbárach”.
Ní rabh gár a bhéith leis, d’imtigh sé i mbéal maidne lá ar na bhárach. Níor stad sé go deárn sé fástughadh lé fear ar an lágan.
Nuair a bhí’n bliadhan istigh aige i n-ait pilleadh ar an bhaile caidé sé gnídh acht bean a rabh gabhaltas aicí a phósadh. Ní rabh sí ró-óg acht nar chuma fa sin bean . tálaimh a bhí inntí agus clú aicí go rabh sí go láidir sa t-saoghail an rud a bfíor. Mar sin dé níor phill sé go Mullaigh na nDamh acht shocruigh sé ar an lágan agus ní rabh fáth géaraid ar bíth aige na ‘nois bhéadh a sháith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cait Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Dimnic Mac Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall