Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 91
- XML “Scéal - An Tairneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear-uasal ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht aon-mhac. Bhí an gasúr seo go h-án-cúramach ar fad aige nuair nach rabh aige acht é.
Lá amhain d’innis na saoi do go rabh án táirneach lé theacht agus go mairbhfidh a mhac leis. Nuair a chualaidh an t-áthair seo rinne sé suas a intinn go sábhalochadh sé é.
Bhí cnoc mór shuas I gcúl an tíghe agus fuair sé uaigh mór bainte istigh I lár an cnuic agus bhí súil aige an ghasúr a chuir isteach annseo nuair a thiocfadh an tairneach agus go mbéadh sé sábhailte.
Thainig an lá agus d’iarr an t-áthair ar an ghasúr ghabhail isteach san uaigh seo go rabh án-táirneach lé theacht agus go mbéadh sé sábhailte. Acht fad na coise ní ráchadh an gasúr isteach dúbhairt sé ma bhí sé lé márbhadh go rabh seisean sásta dé Tóil Dé.
D’imtigh sé agus luigh amuigh ar léuna agus thuit se ‘na chodhladh. Thainig an táirneach agus bhí sé mádramhail. Thuit splannc i mbéul na h-uaighe agus thuit an dara cionn agus líonadh an uaigh lé clocha agus créafóig. Aon duine a bhéadh istigh ann bhéadh siad plúchta agus brúidhte.
Sa deireadh bhí sé thart, d’éirigh an t-áthair amách lé corp an ghasúir a chuartughadh na bhí sé cinnte go rabh sé márbh. Ní rabh dádaí dé, fuair sé na codhladh ar an léuna é, codlaidh sé fríd a t-iomlan agus níor mhothuigh sé dadaí.- Bailitheoir
- Séarlus Óg Mac Giolla Easpuig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séarlus Mac Giolla Easpuig
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall