Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 64

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 64

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 64
  3. XML “Scéal - An Cogadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Roimhe seo bhíodh na daoine i dtolamh ag caint ar chogadh agus ag radh go rabh cogadh lé theacht i léithid seo do ám. Bhíodh siad ag deánamh réidh lé téicheadh roimhe.
    ‘Nois san ám seo bhí feár ‘na chómhnuidhe i Mín na Croise agus bhí sé ag éisteacht ó thainig méid ar bíth ann go rabh an cogadh ag teacht. Bhí sé pósda agus bhí sé ag cuir imnidhe mór air go dtiocfadh an cogadh ar fein agus ar a mhuirín.
    Bhíodh sé go minic amuigh i Sliabh ó Thuaidh agus goidé thainig sé air lá amhain acht uaighe mhór amuigh i gcúl na sléibhe. Bhí an t-án-lúthghair air na bhí fhios aige anois nuair a thiocfadh an cogadh go rabh ait aige leis fhein agus a clann a gabhail ibhfolach ann, agus nuair a bhéadh siad ann nach dtiocfadh an cogadh a gcomhair.
    Ríth an áma bhí’n cogadh lé theacht agus ba é an deireadh a bhí ar an sgéul go rabh sé lé theacht aon oidhche amhain. Nuair a chualaidh an fear bocht seo bhí sé comhair a bhéith as a chrann cúmhachtaigh. Cruinnigh sé leis an mhéid dé chuid bíd as earraidh agus thiocfadh leis, thug leis a mhuirín agus d’imthigh ‘mách na h-uaighe ar siubhal oidhche.
    Shroich siad an uaigh go slán sábhailte agus nuair a bhí siad istigh ann thug sé iarraidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cait Nic a' t Saoir
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Nic a' t Saoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall