Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul fa Naomh Coluimcille
Nuair a bhí Naomh Pádraigh ag taisteal na tíre seo bhí an tSean Gleann, (Gleanncoluimcille anois) lán deamhan. Bhí an naomh ar a bhealach leis an tóir a chuir orthú as nuair a bhris a chárbad anuas taóbh thall dé'n abhainn ag Mín an Aodhaire. Thainig na deamhan orthú agus mhárbhaig siad fear dé na mánaighibh a bhí leis darbh ainm Art agus cuireadh annsin é agus ó,n lá sin go-dtí'n lá indiú bheirtear Sráth na Circe ar an bhaile sin. Dúbhairt sé go bhfágfagh sé an Gleann ag fear níos feárr na é agus phill sé an bealaich a dtainig sé.'Nois ba é Naomh Colmcille an fear níos fearr na é fein a labhair Naomh Pádruig air. Thainig sé as Toraigh go Gleánn. Bhí clog leis agus thoisigh sé ag bualadh an cloig agus thoisigh na deamhain ag rachaidh roimhis agus níor stad siad go dteachaidh siad síos ált, amách san fhairraige i gcúl an Mhullach Leathan na Ceann Glinne.D'fán sé ann annsin támaill fada agus chuir turas ar bun ann atá trí míle ar fad. Déir siad go dtig sé arais go Gleánn an uile bhliadhan ar an 9adh lá dé Méithimh agus go bhfanann sé go dtí lá Muire an Fhoghmhair, an 15adh Lúghnasa. Tá na cárnain agus na crosannaí na seasadh ar fud an Gleanna indiú go díreach mar bhí siad an chead lá ar cuireadh annsin iad.Déir siad go raibh sé ag siúbhal amuigh lá agus gur casadh air daoine agus bhí paisde leobhtha lé báisteadh. Ní rabh uisge ar bíth i neas do acht bhí carraic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann