Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thainig Sagart Óg abhaile as Colaiste ám amhain agus ní rabh aon duine ar an bhaile dé na cómhursanaighibh nach dtug dínnear do indiadh é theacht acht bhí teach amhain nac dtug dínnear ar bíth do. Ní rabh sa teach seo acht báintreabhach agus a ingean.
Dúbhairt an ingean leis an mháthair go rabh siad náirigh go deo nach dtug dínnear do agus é ar an sgoil agus eile in a cuidheachta. “Bal!, arsan mháthair, deán thusa réidh dínnear agus tabhair cuireadh do”. Rinne an ingean sin agus thainig an Sagart Óg ‘soir an dínneár.
Go díreach nuair a bhí siad indiaidh suidhe síos an triúr acú ag an tábla leigeadh án - sgreád uathbhasach taobh amuigh dó’n teach. Amách leis an Sagart agus an mháthair go bhfeicfeadh siad goidé bhí ann agus nuair a bfada leis an ingean amuigh iad cuaidh sí fein amách agus fuair sí an bheirt báidhte sa chárn-aoiligh.
Cuireadh iad agus bhí an t-án-bhrón go bráthach ar an chailín. Ní thiocfadh leithí fánacht sa teach agus d’imtigh sí leithí béul a cinn. Ní thiocfadh leithí fánacht dha oidhche san ait amhain bhí sí comh mór fríd a chéile sin. Bhí sí ag siubhal léithí ariamh gur bhuail sí isteach i dteach lá ámhain nach rabh ann acht fear amhain. D’iarr sé seo oirthí fánacht aige leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac a' Bhaird
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall