Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fad ó shoin, tuairim da chead go léith bliadhan ó shoin, bhí Sagart darbh ainm an Brathar Bán istigh ag éisteacht i MálainnBhig. Bhí a chapall fein leis agus buachaill lé amharc 'na dhiaidh. Bhí siad lé fanacht istigh cupla oidhche. An oidhche seo chuaidh siad fein agus an téaglaigh a rabh siad ag fánacht acú i luighe acht bhéadh sé comh maith ag an Sagart fanacht na shuidhe, ní rabh sé ag fághal suaimhneas ar bíth.
D'éirigh an Bráthar Bán agus chuir sé an bhuachaill na shuidhe fosdai. D'iarr sé air an capall a úmhughadh comh gasta is thiocfadh leis go rabh aige-san lé gabhal amach a cnoc anocht. Ní rabh beálaigh-móra ar bíth san ám seo agus thart ar bhruach na n-ált bhí cásan MhálainneBige san ám. Ar subhal leobhtha i lár na h-oidhche agus bhí sin acú bealach uaigneach iargcúlta.
Bhí go maith go dtí go rabh siad ag gabhal thart os cionn
agus chualaidh siad ósnaighil trom. Stad siad ar an bhomaite. Síos an ált leis an Bhráthar Ban agus na luighe ansin bhí fear na luighe ag saothrughadh an bhais. Labhair an Sagart agus d'fhiafraigh sé cé é fein agus caidé thug annseo é.
Seo an sgéul a d'innis sé dó. "Máirnealach atá ionnaim. Spáinneach mé. Nuair a bhí mé mó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnseas Mac Giolla Easpuig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Giolla Easpuig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall