School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 24

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 24

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 24
  3. XML “Each Uisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ‘na chómhnuidhe i Málainn-mhóir nuair a bhí “Hamilton” na Thíghearna-tálaimh ar an ait seo. Aon bhliadhain amhain ní rabh an cíos aige san ám a bhí an tíghearna ar an Charraic a chruinniughadh.
    Nuair a fuair sé an t-airgead cruinnighthe d’imtigh sé, fear nach rabh an cíos aige, ar a capall go Cora Críche áit-cómhnaidhe “Hamilton” lé na dhíol.
    Díol sé a chíos agus pill ar an bhaile. An oidhche bhí sé ag teacht abhaile bhí sé án-mhall ag gabhail isteach do ag loc Abha. Oichche dheas ghealaigh agus é ag sioc a bhí ann.
    San ám seo thart ag cladach na locha bhí’in bealach-mór ag gabhail.
    Bhí an marcach ag bogadh leis ar a shuaimhneas. Leis sin rinne an each-uisge seitreach istigh sa loch agus comh luath is chualaidh an capall an seitreach léim sé amách sa loch. Chongbuigh an éireóg suas é agus leim an fear anuas dé druim. Isteach leis an capall go dteachaidh sé síos i lár an locha san ait ar bhris an each-uisge an éireóg.
    Ón lá sin go dtí’n lá induí ní fhachthas an capall.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. eacha uisce (~138)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheal Uí Ceinnide
    Gender
    Male
    Address
    An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Ióseph Uí Ceinnide
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall