School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 86

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 86

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 86
  3. XML “Scéal - Ór atá i bhFolach i nGleann Mhálainne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tuairim dhá mhíle síor díreach ó’n Sgoil seo tá áit a dtugtár Caiseal An Óir air i nGleann Mhálainne. Annseo déir siad go bhfuil án-phota go bráthach dé ór. ‘Siad na lochannaigh a chuir i bhfolach ann é. Bhí siad ag teacht amách o lug na Drúdhain go Sliabh Liaig leis agus bhí an pota comh mór sin gur ghlac sé ceáthar acú a iomchar ar spíce. Cibé ar bíth nuair a shroich siad Caiseal an Óir bhí siad com tuirse gur bh’éigean daobhtha é a chuir annsin agus tá eásgan mór a coimhead.
    Ar dhóigh éiginteacht fuair fear fios ar an ait a rabh an phota agus ní thiocfadh leis innse d’aonduine a rún. Ba mhaith leis an rún a leigint lé na ingean agus lá ‘mhain bhí’n bheirt acú cómhgárach dé’n ait agus shuidh seisean go díreach ar an turtóg a bhí díreach os cionn an phota. Thárrang sé amách tobac agus sgian agus líon sé agus dheárg sé a phíopa. Nuair a bhí sé réidh sháigh sé a sgian sa túrtóig agus níor leig sé dadaí air agus d’imtigh leóbhtha. Nuair a chuaidh siad giota d’iarr sé ar an ingean pilleadh go dtí na túrtóige agus an sgian a d’fág sé na dhiaidh a thabhairt leithí. Bhí súil aige leidiughadh a thabhairt dí nuair a phillfeadh sí fa’n taisge a bhí ann. Arais leithí acht ní thiocfadh leithí an túrtóg a rabh’n sgian ann a fhághail. Thainig sí arais agus d’innis shin dó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Anna Nic Fionngaille
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Donegal