School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 59

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 59

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 59
  3. XML “Scéal - An Fhaoistin”
  4. XML “Scéal - An Suipéar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuaidh gasúr beag ‘un faoisidine lá amháin. Chonnaic se giota tobac crochta lé poca an tSagairt agus thárrang sé leis é. Bhí léadhb maith ann.
    Chuaidh sé ‘un tosaigh go rabh deireadh innsighthe aige agus annsin d’innis sé gur ghoid se leadhb tobac agus tairg sé do’n Sagart é. “O! ní glacfaidh mise é, arsan tSagart, tabhair do’n t.é ar ghoid tú uaidh é”
    “O! arsan gasúr, thairg mé do é agus ní glacfadh sé é”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Séarlus Mac Giolla Easpuig
    Gender
    Male
    Address
    An Chríonmhín, Co. Donegal
  2. Chuaidh gasúr beag ag cuartaidheacht go teach na cómhursan agus fiafruigh dó, “Goidé bhíonns agaibh lé mbur suipear?” “O! arsan gasúr, an oidhche nach mbíonn fód mónadh leis bíonn cos m’átharda”.
    Míniughadh. Préataí a bhíodh acú lé na suipeár agus ‘sé an ciall a bhí leis an ceist, “Goidé t-ánlann bhíonns agaibh leis na preataibh! ‘Nois fad ó ní rabh solus ar bíth acu acht solus na teineadh agus nuair a thaomfaidh na bpréata ar an bhasgóid, cuirfeadh siad an bhásgóid ar leic na teineadh agus fód faoi’n taobh amhain lé na thógailt suas go dtigeadh an solus ar na préataibh uilig agus annsin suidfeadh an téaglach thart ar an urlar agus gníodh agcuid.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.