School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an taobh ó thuaidh dé'n Ghleann tá baile beag ar a dtugann siad Baile Árd. Nuair a bhí Naomh Coluimcille i nGleann bhí sé 'na chomhnuidhe i mBífán agus ní rabh aige acht a ghabhail suas an Sgádamán go Baile Árd. Bhíodh sé shuas an uile lá ag cuartaidheacht i dteach a bhí ann agus ag seanchus lé fear a' tíghe. Ba é an deireadh a bhí ar gur éirigh siad tursach do ag teacht, agus rinne siad suas lá amháin nach mbéadh siad gabhtha leis níos fuide.
Nuair a chonnaic siad an Naomh ag tarraingt ar an teach chuaidh fear síos 'na tseómra ag cuir i gcéill go rabh sé tinn. "Ca an fear seo indiú?" arsan Naomh. "Ó! Tá sé tinn, tá sé ina luighe shíos udiaidh," arsa sise. "Bhal! arsan Naomh, má tá sé tinn go rabh sé slán 's ma bhfuil sé tinn go bhfuigheadh sé bás." agus amach leis ar an doras. Chuaidh an bhean síos agus bhí'n fear na luighe márbh annsin.- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Informant
- Anna Nic Fionnlaigh
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Address
- An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Donegal
- 42. Níor mhill coimhead maith dadaí ariamh.