School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad ó shoin bhí fear ‘na chómhnuidhe i Sráthlaoighfheoil darbh ainm Labhras Mac Niallgais. Bhí Labhras na h-án - cheárbhaigh ar fad - ní rabh a bhualadh sa pháróiste. Saor-cloiche a bhí ann agus san ám seo bhí sé ag deánamh tíghe úir i nGleann.
Oidhche amhain dár leis go dtiocfadh sé amách abhaile. Bhí sé mall go maith ag fágailt istigh acht oidhche bhréagh geálaigh a bhí ann agus ba chuma leis. Bhog sé amách ar a shuaimhneas cnoc a Caisil agus nuair a thainig sé go Mín na bhFáchran gheárr sé trásna an cnuic an aithghiorra ag tárrangt ar an bhaile.
Bhí go maith gur shroich se Mín a Luig tuairim leáth mhíle ó na theach fein agus goidé a tcídh sé i lár an bheálaigh s’ aige acht tábla agus deic cardaí air, agus ceithre cathaoir ag an tábla. Leis sin tcídh sé tríur fear ag tárrangt ar an tábla agus ag glacadh cathaoir an duine. Bhí cathaoir amhain follamh agus nuair a bhí Labhras ag gabhail thart lé na dtaobh d’iarr siad air suidhe agus cluiche imirt leobhtha.
Níor leig Labhras air gur chualaidh sé iad acht shiubhal leis comh mór is thiocfadh leis na sgánnruigh sé go mór. Ó’n oidhche sin níor imir sé a’n chárda go dteáchaidh sé i dtálamh rud a tharla gan mhoill ‘na dhiaidh sin.- Collector
- Proinnseas Mac Giolla Easpuig
- Gender
- Male
- Address
- Mín na bhFachrán, Co. Donegal
- Informant
- Anna Ní Giolla Easpuig
- Gender
- Female
- Address
- Mín na bhFachrán, Co. Donegal