School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 52

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 52

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 52
  3. XML “Scéal - An Sagart Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fad ó shoin bhí ministir gállda ann agus bhí mac amhain agus trí ingean aige. Nuair a bhí an mac ag éirigh aníos bhí án - dúil aige ins na caitliocaigh. Ba mhaith lé n-áthair ministir a dheánamh do cosamhail leis fein agus nuair a thainig ann cuireadh ar siubhal é lé fóghluim. Acht goidé rinne an mac acht a ghabhal fhóghluim a bheith ‘na Shagairt.
    Bhí go maith go dtí go rabh sé na Shagairt agus é réidh lé theacht abhaile. Nuair a chualaidh a bhunadh go rabh sé ag teacht bhí án-lúthghair orthú roimh an ministir óg. Bhí gach uile seórt spíosóirí acú fa na choinne agus bhí pota feóla ar an teine agus goidé’n lá bhí ann acht an Aoine.
    D’fiafraigh an Sagart Óg goidé bhí sa phota agus comh luath agus thóg sé cionn-sónnruigh dó chuaidh an pota ar mire ar an teine. Ní thiocfadh lé aon duine gábhail a chómhair agus ní rabh fhios acú goidé dheánfadh siad. Dúbhairt an Sagart sa deireadh “Goidé’n maith atá in do creideamh ma nach dtig leat an pota a shocrughadh Athair? Thug an ministir leis a leabhair agus thoisigh léigheamh os cionn an pota acht chuaidh sé ar mire bun barr annsin. “Anois, arsa seisean, ní minister mise ar comhair ar bíth acht Sagart (ag toiseacht agus ag innse deireadh), agus féachfaidh mise mó lámh anois”. Thug sé leis a leabhair agus thosaigh sé ag léigheamh agus ní rabh sé bomaite
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Treasa Ní Giolla Easpuig
    Gender
    Female
    Address
    Mín na bhFiann, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Mac Giolla Easpuig
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Mín na bhFiann, Co. Donegal