School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 73
- XML “Scéal - An Capall Goidte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear istigh i Málainnbhig fad ó shoin agus bhí capall bhréagh aige acht goidé thárla acht gur goideadh í oidhche amhain. Soir na síor ní rabh tuairisg lé fághail aige agus bhí sé ag deánamh amách nach bhfeicfeadh sé amharc oirthí lé na shaoghal.
‘Nois bhí sé neas dé seacht mbliadhna ó chaill sé í agus goidé do bháramhail nach bhfuair sé leidiú go rabh sí ag fear shuas a’ tír. Nuair a chualaidh sé seo rinne sé réidh agus cuaidh sé suas é fein. Níor leig sé a rún lé aonduine ca rabh a thriall agus níor stad sé go dteáchaidh sé go dtí teach an fhir a ghoid a chapáll.
D’iarr sé loistín na h-oidhche agus fuair sé sin. Bhí síad ag seanchus go h-ám-codlata agus d’iarr fear a tíghe ar an fear coimhthigheach an Páidrín a thabhairt amách. Rinne sé sin agus nuair a bhi sé ag cuir cionn air, arsa seisean “Paidir agus Ábhe Mária dó’n té a ghoid mó chapall lé Dia é chuir ar stad na nGnást”. Críochnuigh sé an Phaidrín agus nuair a d’éirigh siad ó na nglúnaibh d’iarr fear a tíghe air a theacht leis. Thug sé amách na stábla é agus cinnte go leór bhí a chapall annsin i gcuideachta cupla beáthadhach maith eile. Dúbhairt sé leis cionn ‘s aige fhein na a rogha dé’n cuid eile a thabhairt leis acht thug sé leis a cionn fein abhaile lá ar na bhárach.- Collector
- Cait Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Fionngaille
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- An Fhothair, Co. Donegal