School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 68

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 68

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 68
  3. XML “Scéal - An Mhuc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ‘na chómhnuidhe i Mín na bhFácran tuairim céad go leith bliadhain ó shoin darbh ainm Paidí Ua Gadhra. Duine a bhí i bPaidí a dtiocfadh leis a rogha rud a dheánadh.
    Bhí sé fein agus cupla fear dé na cómhursanaighibh ag gabhail go haonach Bhaile an Droichid mhaidin amhain. Bhí muc leis an eile dhuine acht Paidí agus dúbhairt siad gur dona eisean nach rabh muc aige cosamhail leobhtha-san.
    Leis sin crom Paidí agus thárrang bufalan-buidhe a bhí ag fás ar ciúmhas an bhealaigh agus chaith ameasg na muc é agus rinn an muc ba deise do’n tiomlan acú.
    Chuaidh siad ‘un aonaigh agus thainig ceánnochair fhad lé Paidí agus ceánnuigh an mhuc. Dhíol sé Paidí agus d’imtigh abhaile lé sgaifte mór muc a cheannuigh sé. Nuair a bhí sé ag gabhail abhaile seóladh na muc bhí srúthan beag shíos ar an lárgan a rabh acú lé gabhail trasna acht comh luath is chuaidh muc Paidí isteach san uisge siud síos an tsrúthain ‘na Bhufalan-Buidhe í. Nuair a chonnaic an ceánnochair goidé tharla ní dheárn sé aon dath acht pilleadh ‘un aonaigh lé a chuid airgead fhághail ó Phaidí. D’iarr sé an t-airgead ar Phaidí acht níor leig Páidí air gur chualaidh sé é. Leis sin bhéir sé greim gualainn ar Phaidí acht leig Páidí an lámh uilig leis. Nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Pádruig Mac a' t Saoir
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal