School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 90
- XML “Scéal - An Chaora Dhubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí gasúr beag ann ám amhain agus fuair a mháthair bás. Phós a áthair arais agus bhí an leás-mháthair go h-olc do’n ghasúr.
Cuirfeadh sí amách é an uile mhaidin ag choimhead caorach agus é ‘na throsgadh. Acht ní rabh gár dí ca bíth droch íde a bhéarfadh sí dó bhí sé ag fás suas mór níos láidre agus i bhfad níos bréaghtha na clann s’aicí fein a bhí ag fághail a gcuid go maith.
Caidé bhí acht an uile lá thigeadh caora dhúbh lé na chuid chuig an ghasúr agus ní bhíodh ocras ar bíth air bhí sé ag fághail a sháith.
Thoisigh an leás-mháthair a choimhead agus caidé do bháramhail nach bhfacaidh sí an caora dhubh ag teacht chuige an uile lá agus rinne sí suas a h-intinn go mairbhfeadh sí an caora dhubh.
An mhaidin sin bhí an caora i n-innibh innse do’n ghasúr go rabh sí fein lé márbhuigheadh an lá sin agus eisean cuimhnigheadh agus na cnámha uilig a chruinnigheadh.
Mhárbhuigh an leás-mháthair an caora-dhubh agus chruinnigh an gasúr a cuid cnámha uilig mar d’iarr sí air acht bhí cnámh amháin nach bhfuair sé. Lá ar na bhárach thainig an caora-dhubh mar ba gnáthach léithí lé na chuid acht bhí sí ar trí chos anois. Nuair a chonnaic an leás-mháthair seo dháithin sí nach rabh sí ag deánamh an ceart agus bhí sí go maith dó’n ghasúr ó sin amách.- Collector
- Mairéad Ní Giolla Easpuig
- Gender
- Female
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Ní Giolla Easpuig
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal