School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 71
- XML “Scéal - An Dinnéar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí doctúr ann fad ó shoin agus bhí cailín seirbhis aige. Lá amhain bhí sé gabhail a thabhairt cuireadh do dhoctúir eile ‘na thígh agus d’iarr sé ar an cailín da chearc a mharbhuigheadh fa choinne an dínneardha.
Rinne sí sin agus nuair a bhí siad bruithte réidh aicí dar léithí gur mhaith léithí iad a bhlás. Bhain sí an cos do cionn acú na shíl sí gur sin an cuid is lugha a mhbéadh crothnughadh air agus d’íth sí í. Chuaidh sí go dtí’n ait a rabh’n fíon ag an doctúir agus d’ól sí slug do. Théith an fíon suas í agus ag teacht thart dí ag gloinne d’amharc sí isteach agus shíl sí go rabh sí án-dóigheamhail.
Dúbhairt sí annsin leithí féin gur gránda an mhaise dí cearc a chuir ‘un tábla agus gan oirthí acht cos amhain agus bhain sí an cos eile dí agus d’ith sí í. Chuaidh sí fhad leis an fíon an dara h-uair agus d’ól slug eile. D’amharc sí ins an gloinné anois agus chonnaiceas dí go rabh sí ag éirigh níos dóigheamhla.
Dúbhairt sí annsin léithí fein gur grandha an rud aicí-sí a dheánamh dha chearc a cuir ‘un tabla ionnsoir uaisle agus dha chos ar cionn acú agus gan cos ar bíth ar an cionn eile. D’íth an da cos do’n chirc eile. Chuaidh sí go dtí’n fíon arais agus d’ól sí slug eile agus d’aithin sí sa gloinne(continues on next page)- Collector
- Mícheal Uí Ceinnide
- Gender
- Male
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal
- Informant
- Cait Ní Ceinnide
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal