School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 77
- XML “Scéal - An Gob”
- XML “Ramás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuaidh bean as Málainnbhig amách go Teidhleann ag cuartaigheacht. Bean sánntach a bhí inntí. Tugadh gráinín mine dí nuair a bhí sí ag fágailt amuigh acht nuair a bhí sí leáth-beálaigh isteach thuit sí agus dhoirt sí cuid dé’n mhin.
Ní thiocfadh léithí í uilig a chruinniughadh agus bhí sí buadhartha. Ghuidh sí Dia gob a chuir oirthí sa dóigh a mbéadh sí ábalta an min uilig a phiocadh suas. Thainig an gob oirthí.
Nuair a bhí deireadh piocaidh aicí ní rabh an gob ag imteacht. Ghuidh sí annsin an gob a imteacht dí acht níor imtigh. D’fan an gob oirthí go bhfuair sí bás. - Rámas.
Sgéul fada binn,
Gur maith an t-im leis an aran,
Sgéul beag eile gan suim,
Nach bhfághann muid é acht go h-ánnamh.