School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 56

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 56

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 56
  3. XML “Scéal - Taibhse Chloch a' Sparra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Thall i Mín na Giorra ag bun Shliabh Liaig bhíodh aodhaire i dtolamh roimhe seo agus tá’n ballóg in a mbíodh siad na gcómhnuidhe lé feicealt go fóill.
    Bhí aodhaire ann ám amhain agus bhí sé thar a bhéith mór lé fear istigh i Málainnbhig. Fuair an fear seo bás agus támall indiaidh é bás fhghal. Bhí an aodhaire agus a bhean i na gcodladh oidhche amhain i leabaidh na clúide. Idir meadhon-oidhche is lá mhusgailt sé agus nuair a d’amharc sé bhí an fear a bhí márbh na shuidhe ag an coigilt.
    Ar ndoiche nuair a bhí siad comh mór lé chéile ar an t-saoghal seo ní rabh eugla ar bíth air roimhe agus d’fiafraigh sé an é bhí ann. “Is mé arsan neach. Caidé tá ag cuir trioblóid ort? arsan t-aodhaire. “Na nach cúmhang leat an cosain? arsan neach.
    Thigeadh Béathadhaigh Mhalainn na bige isteach ó’n liathan san fhóghmhair agus gnídheadh siad milleadh mór ar an ghráin. Acht aon oidhche amhain d’éirigh an fear seo agus chuir isteach a bheáthadach agus níor thug sé sgéula go rabh an creach ‘ga dheánamh. Bhí a bheáthadach fhein saor ar maidin agus thug sé fiadhnaise bréige nach bhfacaidh sé an cosain’ga dheánamh.
    “Ca bhfuil tú anois”? arsan t-Aodaire.
    “Tá mé ar bharr na Gárbhacha, taobh a tsion de Cloch a’ Spárrá”, arsa seisean.
    “Ca fhad a mbéidh tú annsin? arsan t-Aodhaire.
    “O! arsa seisean, ba mhaith an rud saoghal duine, agus ba mhaith an rud saoghal beirt, agus ba ró-mhaith an rud saoghal triúr”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ua Lamhna
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Mín na bhFiann, Co. Donegal