School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 83

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 83

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 83
  3. XML “Scéal - Anscanraíocha a Lean Dream”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níos lúgha na céad bliadhain ó shoin bhí fear na chómhnuidhe istigh ar an Caiseal i nGleanncoluimcille darbh ainm Diarmad Mór. Fear mór laidir nach rabh fhios aige goidé rud eugla a bhí i nDiarmad. Bhí go maith go dtí oidhche amhain a bhí sé ag dul isteach ag Currantaigh Seárc ag tárrangt ar an Chaisil. Cásadh fear do a thoisigh ag pucadh troda as. ‘Nois níor aithin Diarmad é, bhí fhios aige go maith nach bhfacaidh sé ariamh é acht níor leig sé a cnámh lé aonduine agus in intinn fein “ma’s troid atá tú ag iarraidh gheobhaidh tú do shaith do uaimse”.
    Chuaidh siad i ngreimeannai lé chéile agus throid leobhtha isteach loch-inse, síos ag an tSeascán agus bhí an fear eile ag congbhailt Diarmad roimhe síos an cnuic i dtolamh. Throid leobhtha ríth an bheálaigh isteach agus bhí rud amhain ag cuir iongantais ar Dhiarmad an uile bhuille a bhuailfeadh sé air shaoil sé gur ag tabhairt dhorn do mála oln a bhí sé comh bog sin. Nuair a bhí siad ag tárrangt ar amharc an Ghleánna d’innis sé do go ráchadh seisean i laige an chéad solus a tcídhfeadh sé agus d’iarr Diarmad air, ma’s rud go ráchadh gan eisean ghabhail a chómhair go dtiocfadh sé chuige fein arais agus gheáll sé nach ráchadh. Leis sin tcídh Diarmad solus Bócheannáin ar a Ghaineamh agus ar an bhomaite thuit sé i laige. Nuair a thainig sé chuige
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Anna Nic Fionngaille
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Donegal