Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 68
- XML “Scéal - An Mhuc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ‘na chómhnuidhe i Mín na bhFácran tuairim céad go leith bliadhain ó shoin darbh ainm Paidí Ua Gadhra. Duine a bhí i bPaidí a dtiocfadh leis a rogha rud a dheánadh.
Bhí sé fein agus cupla fear dé na cómhursanaighibh ag gabhail go haonach Bhaile an Droichid mhaidin amhain. Bhí muc leis an eile dhuine acht Paidí agus dúbhairt siad gur dona eisean nach rabh muc aige cosamhail leobhtha-san.
Leis sin crom Paidí agus thárrang bufalan-buidhe a bhí ag fás ar ciúmhas an bhealaigh agus chaith ameasg na muc é agus rinn an muc ba deise do’n tiomlan acú.
Chuaidh siad ‘un aonaigh agus thainig ceánnochair fhad lé Paidí agus ceánnuigh an mhuc. Dhíol sé Paidí agus d’imtigh abhaile lé sgaifte mór muc a cheannuigh sé. Nuair a bhí sé ag gabhail abhaile seóladh na muc bhí srúthan beag shíos ar an lárgan a rabh acú lé gabhail trasna acht comh luath is chuaidh muc Paidí isteach san uisge siud síos an tsrúthain ‘na Bhufalan-Buidhe í. Nuair a chonnaic an ceánnochair goidé tharla ní dheárn sé aon dath acht pilleadh ‘un aonaigh lé a chuid airgead fhághail ó Phaidí. D’iarr sé an t-airgead ar Phaidí acht níor leig Páidí air gur chualaidh sé é. Leis sin bhéir sé greim gualainn ar Phaidí acht leig Páidí an lámh uilig leis. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cait Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Mac a' t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall