Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 73

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 73

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 73
  3. XML “Scéal - An Capall Goidte”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear istigh i Málainnbhig fad ó shoin agus bhí capall bhréagh aige acht goidé thárla acht gur goideadh í oidhche amhain. Soir na síor ní rabh tuairisg lé fághail aige agus bhí sé ag deánamh amách nach bhfeicfeadh sé amharc oirthí lé na shaoghal.
    ‘Nois bhí sé neas dé seacht mbliadhna ó chaill sé í agus goidé do bháramhail nach bhfuair sé leidiú go rabh sí ag fear shuas a’ tír. Nuair a chualaidh sé seo rinne sé réidh agus cuaidh sé suas é fein. Níor leig sé a rún lé aonduine ca rabh a thriall agus níor stad sé go dteáchaidh sé go dtí teach an fhir a ghoid a chapáll.
    D’iarr sé loistín na h-oidhche agus fuair sé sin. Bhí síad ag seanchus go h-ám-codlata agus d’iarr fear a tíghe ar an fear coimhthigheach an Páidrín a thabhairt amách. Rinne sé sin agus nuair a bhi sé ag cuir cionn air, arsa seisean “Paidir agus Ábhe Mária dó’n té a ghoid mó chapall lé Dia é chuir ar stad na nGnást”. Críochnuigh sé an Phaidrín agus nuair a d’éirigh siad ó na nglúnaibh d’iarr fear a tíghe air a theacht leis. Thug sé amách na stábla é agus cinnte go leór bhí a chapall annsin i gcuideachta cupla beáthadhach maith eile. Dúbhairt sé leis cionn ‘s aige fhein na a rogha dé’n cuid eile a thabhairt leis acht thug sé leis a cionn fein abhaile lá ar na bhárach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cait Nic a' t Saoir
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Fionngaille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Fhothair, Co. Dhún na nGall