Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 31
- XML “Scéal - An Cearrbhach”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thug sí amach an giota páipéir a rabh a ainm sgríobhtha air ina chuid fola féin. San ám seo bhí'n sagart ag léigheamh as a leabhar agus leis sin níor mhothuigh aon duine gur léim an páipéir amach as a láimh isteach i leabhar an tSagairt agus ar an bhomaite dhruid seisean an leabhar.
Nuair a d'amharc siad thart bhí'n néal dubh, iólar, agus cailín imthighthe. D'éirigh an stocach agus d'imthigh síos leobhtha abhaile agus ariamh 'na dhiaidh sin ní fhaca sé í. - 25. Gheibh cos ar shiubhal rud nach bhfághann cos na cómhnuidhe mar bhfághfadh sí acht deálg.
26. Is doiligh geárrfhiadh a chuir as a tom 'nach bhfuil sé.
27. Ní rabh bolg mór fial ariamh.
28. Na díol do chearc lá fliuch.
29. Is feárr ag sníomhadh sifín na bhéith do chómhnuidhe.
30. Fear gan píopa, fear gan sgríste.
31. An té buailtear sa cheann, bíonn an eugla air.