Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 9

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 9

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 9
  3. XML “Scéal 3 - Bean na Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fad ó shoin bhí fear i Málainnbhig agus lá amhain chuaidh sé suas na Chethromóig [?] ag baint mónadh. Nuair a thainig ám-díneardha chuir bean a tíghe a ingean suas lé na chuid. Is bráchan a bhí leithí agus bhí sé istigh i gcopan. Bhí aibhleóg léithí fosda lé na phíopa dheárgadh. Dfág sí an aibhleóg i n-uachtar an bhachta agus thug sí an bráchan síos fhad leis an ait a rabh sé ag obair.
    Nuair a bhí chuid deánta aige chuaidh sé suas fhad leis an aibhleóig lé na phíopa dheárgadh.
    Chuaidh a n-ingean síos fhad lé poll uisge leis an chopan a níghe. Bhí bád mór amuigh ar an fhairrge agus arsa sise, “A áthair thiocfadh liomas an bhád sin a thabhairt isteach ar na carraigeachaibh sin shíos.” Lé sin thoisigh sí ag tabhairt thart is ag tabhairt thart an copan ar an pholl agus thoisigh na tonnaí ag bualadh in-agaidh an bhaid agus a chuir isteach ar na carraigeachaibh.
    “Stad de sin agus sábhal an bhád,” arsan t-athair. Thóg sí an copan agus shocruigh an fhairrge.
    “Cé d’fóghluim sin duit? arsa seisean. “Mhó mhathair,’ arsan cailín Bhal! gabh ‘bhaile thusa, arsa seisean, ‘soir do mhathair.”
    Chuaidh, acht ní fhachtas eisean ó’n lá sin go dtín lá indiú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. lucht feasa (~116)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Ua Gadhra
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Cait Ní Gadhra
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    90
    Seoladh
    Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall