Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 11

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 11

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 11
  3. XML “Scéal 5 - An Fear Tinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fad ó shoin bhí fear na luighe tinn. I leábaidh na clúide a bhí sé na luighe. Bhí a bhean ag leigint uirthí go rabh sí án-bhuadhartha fa dtaobh do. Go mion ar go minic déirfeadh sí leis “O! ‘sé ‘n truaighe nach orm fein atá’n bás ag teacht in-ait thusa a chreatúr! Bhí fhios aige go diabhalta maith nach rabh sí acht ag cuir i géill.
    Acht lá amhain d’imtigh sí ‘un tsiopa agus nuair a fuair seisean an réidhteacht léim sé amach as an leabaidh. Sgairt sé isteach ar na cearcaibh fuair greim ar an choileacht agus chuir amách an chuid eile uilig.
    Bhain sé dé na cluimhrigh uilig agus oiread is giob níor fhág sé air. Chaith sé ag an doiras druidte é agus isteach go gásta leis ‘na leabaidh arais.
    Ní rabh i bhfad go dtainig sí fein isteach agus shiudh ag colbha na leabtha agus an seán-tiún aicí “Is mór an truaighe nach tdugann an bás mise leis agus thusa fhágailt.” leis sin aníos an t-urlar leis an t-óganach a bhí shíos ag an doras. Sgannruigh sí go mór agus d’innis seisean dí gurbh é sin an bás anois. O! suid é! siud é! ar sise, ag taisbeant an fear a bhí na luighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic a' t Saoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mairead Nic Ruaidhrí
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80