Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 88

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 88

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 88
  3. XML “Scéal - An Cloigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Roimhe seo nuair a bhéadh ag duine lé mionna a glácadh ní mionna an leabhair a ghlácfadh siad ar comhair ar bíth acht mionna na cloigne. Sin go gcaithfeadh siad a ghabhail na roilige agus uaigh a fhosgladh agus cloigeann a thabhairt leobhtha agus mionnughadh airthí. Nuair a bhéadh sin deánta acú b’éigin daobhtha an cloigeann a thabhairt arais go cúramach agus a chuir san uaigh arais.
    ‘Nois thall i Mín na Giorra bhíodh fháirigheach i dtolamh roimhe seo agus tá ballógaí an tíghe lé feicealt go fóill. Ám amhain bhí fhairigheach agus a bhean na gcómhnuidhe ann agus ní rabh acú acht iad fhein. Bhí aige-san lé mionna a ghlácadh fa rud éiginteacht agus ar ndóiche thóg sé cloigeann as an roilig lé mionna na cloigne a ghlachadh. Acht sul a bhfuair sé fáill an chloigeann a chuir arais san uaigh goidé tharla acht ghlach a bean tulaghan éiginteacht agus bhí aige lé ghabhail fa coinne an Saghairt dí i lár na h-oidhche.
    Seo an t-ám an t-eallach ceángailte ins na tíghthibh ag na daoinibh agus na cearca ar fhaireamh ag taobh na teineadh. Bhí seo amhlaidh sa teach seo comh mhaith leis an uile theach.
    Bhí bean an tíghe na luighe i leabaidh na clúide agus bhí an cloigeann san fhuinneóig. Ó d’imtigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cait Nic a' t Saoir
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Canainn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall