Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 106
- XML “Scéal - Ó Brían”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aníos. Cé bhí ann acht Ó’Briain fear a dhíol é fein leis an diabhal ar an t-saoghal seo agus bhí sé ag deánamh an eile teachtaireacht do’n diabhal ar an tsaoghail seo. Nuair a chonnaic O’Briain Sagart ar an bheálach seo thainig a sháith iongantais air agus d’fiafraigh sé do caidé thug eisean annseo. D’innis an Sagart Óg a sgéul do ó thús go deireadh. Dúbhairt Ó’Briain leis go bpillfeadh seisean síos leis agus da bpillfeadh fein ní lé dochar ar bíth a dheánadh dó.
Nuair a shroic siad Ifrionn chuaidh Ua Briain ‘un cainnte leis an Diabhal Mór é fein. “Nois ar seisean leis is iomaidh sin teachtaireacht a rinne mise duitse agus tá sé beag go leór agat gár amhain a deánamh damhsa. “O! maise deánfaidh mise sin duit ma thig liom”, arsan Diabhal. “Tcídh tú, arsa O’Briain, an fear uasal seo atá liom”. “Tcím cinnte”, arsan Diabhal.
Tá, arsa O’Briain, leitir ag cailín éigínteacht annseo i n-Ifrionn sgríobhtha in a chuid fola agus tá sé ag iarraidh an leitir seo fhághail uaithí agus sin an fáth a dtainig sé annseo. Fág an leitir sin do’n fear uasal seo sin an gár atá mise ag iarraidh ort. “Maise! Dheánfaidh mise sin duit”, arsan Diabhal. An aithneochfha an cailín arsa an Diabhal leis an Sagart. D’áithnéochainn cinnte” arsan Sagart. Rinne sé trí líne dé na cailínibh agus ní rabh sí sa chéad lín, ní rabh sí sa dárna lín ach oireadh, acht ba í an duine deireannach a bhí sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac a' Bhaird
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall