School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 106
- XML “Scéal - Ó Brían”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aníos. Cé bhí ann acht Ó’Briain fear a dhíol é fein leis an diabhal ar an t-saoghal seo agus bhí sé ag deánamh an eile teachtaireacht do’n diabhal ar an tsaoghail seo. Nuair a chonnaic O’Briain Sagart ar an bheálach seo thainig a sháith iongantais air agus d’fiafraigh sé do caidé thug eisean annseo. D’innis an Sagart Óg a sgéul do ó thús go deireadh. Dúbhairt Ó’Briain leis go bpillfeadh seisean síos leis agus da bpillfeadh fein ní lé dochar ar bíth a dheánadh dó.
Nuair a shroic siad Ifrionn chuaidh Ua Briain ‘un cainnte leis an Diabhal Mór é fein. “Nois ar seisean leis is iomaidh sin teachtaireacht a rinne mise duitse agus tá sé beag go leór agat gár amhain a deánamh damhsa. “O! maise deánfaidh mise sin duit ma thig liom”, arsan Diabhal. “Tcídh tú, arsa O’Briain, an fear uasal seo atá liom”. “Tcím cinnte”, arsan Diabhal.
Tá, arsa O’Briain, leitir ag cailín éigínteacht annseo i n-Ifrionn sgríobhtha in a chuid fola agus tá sé ag iarraidh an leitir seo fhághail uaithí agus sin an fáth a dtainig sé annseo. Fág an leitir sin do’n fear uasal seo sin an gár atá mise ag iarraidh ort. “Maise! Dheánfaidh mise sin duit”, arsan Diabhal. An aithneochfha an cailín arsa an Diabhal leis an Sagart. D’áithnéochainn cinnte” arsan Sagart. Rinne sé trí líne dé na cailínibh agus ní rabh sí sa chéad lín, ní rabh sí sa dárna lín ach oireadh, acht ba í an duine deireannach a bhí sa(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac a' Bhaird
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal