School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 277

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 277
  3. XML “Sprid an Tinniúis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá páirc timcheall leath mhíle ar an dtaobh thiar den scoil seo ar a nglaodhtar Páirc an Tinniúis. Deintí leathar do dheunamh ann timcheall ceithre fiche bliadhain ó shoin. Gabhann bóthar le h-ais claidhe na páírce sin.
    Do réir gach tuairisc áit ana uaigneach iseadh an áít sin mar is mó duine a chonnaic sprid i bhfuirm siorraidh ann ar uair mhairbh na h-oidhche.
    Timcheall deich mbliadna ar fhichid ó shoin do thuit so amach. Bhí fear ó Chúm Thóla ar aonach Baile Buidhe lá ag diol capaill. Fear abeadh é nar ól braon leanna na a leithéid riamh. Ar aon chuma nior dhiol sé agus bhí sé ag teacht abhaile an oidhche sin timcheall meadhon oidhche. Agus é díreach ag Páirc an Tinniús dairig sé rud eigin na dhiadh. D'fheuch sé taobh thiar de agus cad a bheadh ann ach siorrach beag ag teacht le cliathán an chapaill. Rug sé greim maith ar an gcailithín bhí na láímh agus dhein iarracht ar an siorrach do bhualadh leis ach má dhein nior bhuail mar chuaidh an tslat tríd díeach fé mar ná beadh ann ach aer. Ansann iseadh chuimhnig mo dhuine ar cad n bhí ann. Is minic cadna do gháir an fear ceadna so fé daoinibh a innseadh do go bhfeictí a leithéid ann. Do chrith a chapall fein fé agus seo chun bóthair é acht má dhein do lean an siorrach é go dtí go dtáinig sé go sruthán beag a bhí i ngiorracht cúpla cead slat dá bhaile fein. Do shrois an marcach agus an capall an tig acht ní mó na san é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ua Lineacháin
    Gender
    Male
    Address
    Farranfadda, Co. Cork
    Informant
    Seán Ua hEaluighthe
    Gender
    Male
    Age
    92
    Address
    Farranfadda, Co. Cork