School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 294
- XML “Rinn an Dísirt”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Míle go leith ar an dtaobh siar theas de'n áit seo tá poinnte caol garbh ag síneadh amach i mBádh Beanntraighe. Rinn an an Dísirt a tugtar ar an bpoinnte sin. Tá fothrach seana thighe leath shligh amach sa rinn sin agus deireann na seana daoine go bhfeictí go minic fadó fear ar a dhá ghlúin ar lic taobh amuich de dhoras an tseana thighe sin. Iasgairí a chidheadh é nuair a bhídí ag filleadh abhaile an treó san in am mharbh na h-oidhche. Nior bhfear saoghalta é dar ndóigh agus sé thuigeadh na daoine gur ag deunamh aithrighe dá pheacaí a bhíodh an creatúr bocht; b'in é an fáth gur tugadh Rinn an Dísirt mar ainm ar an áit.Tamall beag taobh amuigh den chabhlaig sin tá canál doimhin leathan gearrta ó thaobh taobh na ranna, i dtreo go mbionn an taobh amuigh de na oileán nuair a bhionn lán taoide ann. Ní fheadar aoinne cad chuige gur deineadh an canál so no cathain a deineadh é. Deir daoine ámhthach gur b'amhlaidh a thug Domhnall Cam airm ann i mbádaibh nuair bhí sé chun Caislean Rinn an Dísirt a ionnsuighe agus gur dhein se an díg mor san i dtreo go mbeadh áit daingean aige le cúlú ann dá mbeadh an troid ag dul na choinnibh.Tadhg Ua Cróinín,
Rinn an Dísirt- Collector
- Tadhg Ua Cróinín
- Gender
- Male
- Address
- Reenadisert, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ua Duinín
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Reenadisert, Co. Cork