School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 329
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó sa t-sean shaoghal agus tímcheall na bliadhna 1847 sé an biadh a bhíodh ag nadaoine ná prátaí agus bainne. Dá bhéile bídh a bhíodh acu, an breicfeast agus an suipéar. An té na bíodh na prátaí aige bíodh min bhuidhe aige. Is minic a bheirítí an mhin ist oidhche i gcóir na maidne. Beireóchfaí braon leamhnachta annsan agus cuirfí ar an leite é agus is minic a dhein fear lá maith oibre ar sin. Bórd ar nós dorais a bhíodh acu go mbíodh aon chos amháin fé. Bhíodh sé sin na sheasamh ar shuidhcheán agus é crochta leis an bhfalla.
Nuair a tháinig an t-arán amach bé an t-arán seagail a tháinig ar dtúis. Annsan tháinig an t-arán cruithneachtan. Bainne a bhíodh le n-ól acu i gcómhnuidhe go mór mór bainne gabhar. Bhí alán gabhar sa pharóiste seo fadó.
Bíodh iasc go minic ag na sean daoine agus bíodh feoil acu leis a marbhuigidís féin. Mairt agus feóil gabhair a bíodh acu. Bhí sean fhocal i measg na sean daoine sa dúthaig seo.
Blais anairthe muilth