School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 284
- XML “Linn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is cuimhin liom sean-athair linn a fheiscint ag fás annso. Do réir sin ba dheas an barra é. In iomaire leathana a cuirtí é. Nuair a bhíodh sé aibidh bhíodh bláth breag gorm air. Do scractí ansann é, deintí a srathú ar an umaire ar nós an choirce do baintí leis an gcorán. D'fhágaidís ar an laighe sin é ar feadh seachtaine go dtí go mbeadh sé tirm go maith. Do ceangailidís na truisleán annsan é. Na dhiadh san do cuiridís ar bhogadh i bpoll doimhin uisge é ar feadh tréimhse. Do thógaidís ansann é agus leathaidís amach ar pháirc arís é ar tíormú. Buailtí ansann le tuairgíní é. Deintí táitíní de annsan. Do bhailigheadh an fear gur leis é meitheal ban. Thagaidís, a tlú féin ag gach mnaoi acu agus chíoraidís an líon. Bhí sé ollamh annsan le sníomh.