School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 172
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear tímcheall na h-áite seo ag díol muc ar aonach Bheanntraighe lá. Dhá cheann díobh a bhí aige. Tháinig ceannuidhe mór cumascach anonn chuige agus dh’fhiafruigh sé dhe an mór a bheadh uaidh ar an mhuic nduibh in aonfheacht leis an mhuic mbán. Ní raibh an Ghaedhluinn ró mhaith ag an bhfear agus níor thuig sé an ceannuighe agus is amlaidh a innis sé dho luach muice ámháin.
Annsan do bhain sé an dá muic de ar lámh láidir agus níor thug sé dho ach luach muice ámháin ar an dá mhuic.
Bhí brón is buairt ar an bhfear agus chuaidh sé go Dómhnall Ó Conaill agus d’innis sé a sgeal do. Nuair a bhí an sgeul críochnuigthe aige dúbhairt Dómhnall. “sín [?]anall do chluas chugham” Dhein an fear amhlaidh. Do rug Dómhnall ar bharr a chluaise. Bhain sé miotóg mhór as an gcluais agus do chuir ‘na phóca. Annsan dúbhairt sé leis an bhfear gurab fear tábhachtach an ceannuighe agus go raibh sé ag diol tobac i gCaithir Luimnighe agus ar seisean “imigh leat anois go dtí an siopa i Luimneach agus ceannuig an méid tobac a shínfhidh ó bun do choise go bár do chluaise.”(continues on next page)- Collector
- Celestín Ua Ceócháin
- Gender
- Male
- Address
- Coorycommane, Co. Cork
- Informant
- Tadhgh Ua Briain
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Coorycommane, Co. Cork