Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 172
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear tímcheall na h-áite seo ag díol muc ar aonach Bheanntraighe lá. Dhá cheann díobh a bhí aige. Tháinig ceannuidhe mór cumascach anonn chuige agus dh’fhiafruigh sé dhe an mór a bheadh uaidh ar an mhuic nduibh in aonfheacht leis an mhuic mbán. Ní raibh an Ghaedhluinn ró mhaith ag an bhfear agus níor thuig sé an ceannuighe agus is amlaidh a innis sé dho luach muice ámháin.
Annsan do bhain sé an dá muic de ar lámh láidir agus níor thug sé dho ach luach muice ámháin ar an dá mhuic.
Bhí brón is buairt ar an bhfear agus chuaidh sé go Dómhnall Ó Conaill agus d’innis sé a sgeal do. Nuair a bhí an sgeul críochnuigthe aige dúbhairt Dómhnall. “sín [?]anall do chluas chugham” Dhein an fear amhlaidh. Do rug Dómhnall ar bharr a chluaise. Bhain sé miotóg mhór as an gcluais agus do chuir ‘na phóca. Annsan dúbhairt sé leis an bhfear gurab fear tábhachtach an ceannuighe agus go raibh sé ag diol tobac i gCaithir Luimnighe agus ar seisean “imigh leat anois go dtí an siopa i Luimneach agus ceannuig an méid tobac a shínfhidh ó bun do choise go bár do chluaise.”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Celestín Ua Ceócháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhgh Ua Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí