Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 272

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 272

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 272
  3. XML “Léim an tSagairt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó in aimsir na bpéin dlighthe do dheineadh dlíghe agus do réir an dlíghe sin aoinne a thabharfadh ceann sagairt go dtí an riaghalthas gheóbhadh sé cúig púnt.
    An uair sin bíodh na Protustúnaig go léir amuigh indíaidh na sagart a' diaraigh breith ortha chun go bhfaighdís an cúig púnt. Bhí duine díobh agus bhí sé ar an nduine, ba thábhachtaighe ortha agus leog sé air bheith go cruaidh i gcoinibh na gCaitliceach ach i ngan fhios dos na Protustúnaig eile do choimeád sé sagart i bhfolach ina thig.
    Sean-athair de fear atá ina chomhnuighe tímcheall na háite seo a beadh é. Bé an sagart a choimeád sé ná an sagart ceudhna a léim ó bhár Bóthar na Léime.
    Is amhlaidh a bhí sé amuich lá agus tháinig na saighdúirí air agus bhí sé ag teitheadh uatha nuair a tháinig buachaill suas chuige agus thug sé a chapall do agus dubhairt sé leis rith cómh tapaidh agus dob fhéidir leis. Dhein an sagart mar a dúbhradh leis, ach níor bhfada go rabhadair geall leis suas leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cróinín
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí