Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear tímcheall na h-áite seo fadó agus oídhche amháin do taidhrígheadh do go raibh ór i bhfolach fé tromleac i dtalamh Mhuintir Leibhís. Bhí eolas maith aige ar an áit mar ba mhinic a chidheadh sé é.
    Cuaidh sé chun na h-áite chun an ór a fhághail cúpla oidhche ina dhiaidh sin, agus bhí ráman mhaith aige. Ní raibh aon tuairisg ar ór ná ar aigead agus ar a shlíghe do amach as an áit bhuail sé i gcoinnibh falla seana tíghe a bhí ann agus leag sé cúpla clocha as.
    Cúpla lá ina dhiadh san fuair Leibhís amach mar gheall ar an bhfalla agus an poll a dhein an fear leis an rámhain. Bhí sé ar dhearg buile. Fuair sé gluaistéan chun dul go Corcaigh chun dioghaltas a fhághail as an ndíoghbháil. Ce bheadh ag tiomáint an ghluaisteáin ach an fear a leag an falla. Ar an slíghe dho go Corcaig do bhí Leibhís ag ínnsint an sgéil do agus bhí sé ag briseadh a chroidhe ag gairídhe mar b'é féin a dhein an dioghbháil. Ní raibh a fhios san ag Leibhís agus ba mhaith an bhail ar an bhfear eile ná raibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Celestín Ua Ceocháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Briain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí